Acts 23:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngérfhéachuin do Phól, ar an gcomhairle, a dubhairt sé, A dháoine agus a bhráithreacha, do rinne misi seirbhís do Dhía an gach uile choinsías mhaith gus an lá a niugh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, d’fhéach Pól go grinn ar an árd‐chómhairle, agus adubhairt sé, A bhráithreacha, do chaitheas mo shaoghal i bhfiadhnaise Dé le deagh‐choinsias glan go dtí an lá so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhain Pól lán na súl as an gcomhairle ansin agus dúirt sé, “A bhráithre, tá mo shaol caite agam i láthair Dé agus coinsias glan gan smál agam go dtí an lá seo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: «A bhráithre,» ar seisean, «níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair Pól leis an sainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”