Acts 23:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a noidhche na dhiáigh sin do sheas an Tighearna láimh ris, agus a dubhairt sé, Bíodh meisneach mhaith agad, a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíadhnuisi dhéunamh sa Róimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An oíche ina dhiaidh sin sheas an Tiarna lena thaobh agus dúirt sé leis, “Glac ina mhórmhisneach é, mar beidh ort fianaise a thabhairt orm sa Róimh, mar an fhianaise a thug tú orm in Iarúsailéim.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: «Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.”