Acts 23:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe don lá, do chruinnigheadar dream áirighe do na Iúdaighibh a gceann a chéile, agus tugadar mionna, nách iósadís agus nach iobhadís nó go marbhaidís Pól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le h‐éirghe lae, tháinig na h‐Iúdaigh i gceann a chéile, agus do dhearbhuigheadar fá bhrigh na mionn, g‐a rádh nach n‐íosfaidís ná nach n‐ólfaidís nó go mbéadh Pól marbh aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a ghealaigh an lá, rinne na Giúdaigh comhcheilg agus thug siad móid agus mionn gan bia ná deoch a bhlaiseadh go raibh Pól maraithe acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.