Acts 23:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul chum na nárdsagurt agus na sinnsear dóibh, a dubhradar, Tugamairne móid agus mionna, nách blaisfemís ní ar bith no go marbhamaoís Pól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thángadar chum na n‐árd‐shagart agus chum na seanóir, agus adubhradar, Atáimíd fá cheangal mionna mhóir, gan rud ar bith do bhlaiseadh no go raibh Pól marbh againn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh siad chuig na hardsagairt agus na seanóirí, agus ar siad leo, “Táimid tar éis móid dhaingean a ghlacadh gan bia a bhlaiseadh go dtí go maróimid Pól.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: «Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeadh Pól marbh againn.