Acts 23:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tan do chúaluidh mac deirbhsheathar Phóil na cealga so, tháinic sé agus do chúaidh sé a steach don chaisléun, agus dinnis sé so do Phól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do‐chuala mac deirbhsheathar Phóil i dtaobh na ceilge, agus tháinig sé agus do chuaidh sé isteach san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach fuair mac dheirfiúr Phóil fios faoin luíochán sin, agus chuaigh sé isteach sa bheairic lena insint do Phól.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dún-phort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól.