Acts 23:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin na tabhuirsi áonta dhóibh: oír atá ós cionn dá fhichead fear dhíobh a luigheachán air noch thug a mionna, nach íosaidís agus nach ióbhaidís nó go marbhaídís é: agus atáid síad ullamh a nois, ag feitheamh réd ghealladhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir atá breis agus dá fhichid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá cheangal móide gan biadh d’ithe ná braon d’ól nó go raibh sé marbh aca: agus atáid ullamh anois féin, ag feitheamh leis an ngeallamhain uait‐se.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ná géill tusa dóibh; mar tá corradh le daichead dá bhfir i luíochán roimhe, a bhfuil móid tugtha acu gan ithe ná ól go raibh sé maraithe acu; agus tá siad réidh anois, agus iad ag fanacht leis an ngealltanas uait.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ná déan-sa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.”