Acts 23:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do léig an túachdarán an tógánach úadh, ar na áithne dhe, Gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith gur fhóillaigh sé na neithesi dhó féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir an t‐árd‐chaiptín an buachaill uaidh, g‐á rádh leis, Ná h‐innis do dhuine ar bith gur chuiris an méid sin ar eolas dom.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir an treabhann mar sin an t‑ógfhear ar shiúl, agus bhagair sé air, “Ná habair le duine ar bith gur inis tú dom faoi sin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: «Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: “Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.”