Acts 23:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan do bhí an fearso tar éis a ghabhála ag na Iúduighibh, agus íad iar tí a mharbhtha: tháinig misi orrtha le slúagh, agus an tan fúair mé sgéula gur Rómhánach é, do bheanus díobh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Rug na h‐Iúdaigh ar an bhfear so, agus do bhíodar ar tí a chur chum báis, nuair thángas‐sa ortha i n‐éinfheacht leis na saighdiúiribh, agus nuair thuigeas gur Rómhánach é, do thógas slán uatha é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Rug na Giúdaigh ar an bhfear seo agus bhí siad ar tí a mharaithe, nuair a tháinig mé orthu leis na saighdiúirí agus a tharrthaigh mé é, ó bhí fhios agam gur shaoránach Rómhánach é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur shaoránach Rómhánach é.