Acts 23:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do thuig mé gur fá cheasduibh a dtimcheall a ndlighidh féin do héiliughadh é, agus nách raibh coir bháis na bhraighdeanuis ar bith air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
annsin do thuigeas gur ceisteanna bhaineas le n‐a ndlighe féin do bhí san chúis, acht nach raibh rud ar bith do thuill bás ná braighdeanas d’á chur ’n‐a leith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thuig mé as go rabhthas á chúiseamh i dtaobh pointí dá ndlí siúd, ach nach raibh cúis ar bith ina éadan a thuill bás ná príosúnacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad dá chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún.