Acts 23:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Iúduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa é, agus a dubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach ádhbhar dá mbeith aca air a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair fuaras fios scéil go mbéadh luigheachán aca do’n duine, do chuireas chugat‐sa é ar an láthair, g‐á rádh le n‐a éilightheoiribh an chúis atá aca air do phléidhe rómhat‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a nochtadh dom go mbeadh comhcheilg ann in éadan an duine seo, chuir mé chugaibh gan mhoill é, ag ordú do lucht a chúisimh a bhfuil le rá ina éadan a dhearbhú in bhur láthair féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d' ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a cuireadh in iúl dom go raibh comh-cheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus dʼordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthair-se.”