Acts 23:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na thuigsin do Phól go raibh cuid aca na Saduchíneachuibh, agus an chuid eile na Bhphairisíneachuibh, do éigh sé a lathair na comhairle, A dháoine agus a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mhac Phairisinigh: fá shúil do bheith agam ré heiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair thug Pól fá deara gur Shaddúcínigh cuid aca, agus gurbh Fhairisínigh an chuid eile, do ghlaodh sé amach i lár na h‐árd‐chómhairle, Is Fairisíneach mise, mac Fairisínigh: is mar gheall ar shúil bheith agam le h‐aiséirghe na marbh atáim ar mo thriail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach chomh luath agus a dʼaithin Pól go raibh cuid acu ina Sadúcéigh, agus cuid acu ina bhFairiséigh, ghlaoigh sé in ard a chinn i gceartlár na comhairle, “A bhráithre, is Fairiséach mise, agus mé de shliocht na bhFairiséach de réir folaíochta; agus cúirt á cur orm i dtaobh an dóchais agus i dtaobh aiséirí na marbh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: «A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼaithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa sainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”