Acts 24:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a gcionn chúig lá na dhiáigh sin tháinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuibh, agus ré Tertullus fear deagh labhartha áirighe, noch do fhoillsigh íad féin a bhfiadhnuisi a núachdaráin a naghuidh Phóil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i gcionn cúig lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig an t‐árd‐shagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiribh, agus le cainnteoir darbh ainm Tertullius; agus do chuireadar an chúis: gcoinnibh Phóil i dtuigsin do’n árd‐riaghlóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis cúig lá tháinig an t-ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis cúig lá tháinig an t-ard-sagart Anainias anuas go Caesairia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartallas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.