Acts 24:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaghlóir ar Phól labhairt, d’fhreagair sé, Ó’s eol dom go bhfuilir‐se id’ bhreitheamh ar an náisiún so le bliadhantaibh fada, tá meisneach orm agus mé ag labhairt ar mo shon féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, dʼfhreagair Pól: “Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, d' fhreagair sé: «Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, dʼfhreagair sé: “Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.