Acts 24:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht admhuighim an méid seo dhuit, go ndéanaim seirbhís do Dhia ár sinnsear de réir na Slighe ar a dtugann siad‐san eiriceacht, ag creideamhain do gach nidh atá de réir na dlighe, agus atá scríobhtha ins na fáidhibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siad-san ‘Aicme’, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.