Acts 24:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do aithin sé don chaiptín Pól do chúmhdach, agus socamhal do thabhairt dó, agus gan a bhacadh déunduíne dá cháirdibh a fhriothólamh ná dhúl dá ionnsuighidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’órduigh sé do’n cheanntúir a choimhéad, agus roinnt saoirse do thabhairt dó: gan aon duine d’á cháirdibh do chosc ar shócamhal do dhéanamh dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼordaigh sé ansin don cheantúir a choimeád, ach saoirse éigin a bheith aige, agus gan cead ag aon duine a chairde a chosc ó bheith ag freastal air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼordaigh sé don taoiseach céid é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.