Acts 24:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do labhair sé riu a dtimcheall na firéantachda, agus na measarrdhachda, agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh Dfélics, a dubhairt sé, Imthigh romhad a nois; agus a núair bhías úain agamsa air, cuirfidh mé fios ort.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ag trácht dó ar fhíréantacht, agus ar mheasardhacht, agus ar an mbreitheamhnas a bhí le teacht, do scannruigh Féilics, agus adubhairt sé, Imthigh leat anois; agus nuair bhéas uain agam, cuirfead fios ort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí sé ag plé faoin gceart agus faoin tsriantacht is cóir a chur ort féin, agus faoin mbreithiúnas atá le bheith ann, tháinig eagla ar Fhelix, agus dúirt sé, “Imigh leat anois; agus cuirfidh mé fios ort arís nuair a bheas faill agam air.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: «Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”