Acts 25:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt Pól, Atáim am sheasamh ag catháoir bhreitheamhnuis Shéasair, ann ar chóir breath do bhreith orum: ní dhearna me eugcóir ar bith ar na Iúdaidhibh, mar as maith atá a fhíos agadsa féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair Pól, Atáim im’ sheasamh os chómhair cathaoireach breitheamhnais Chéasair, an áit ’n‐ar cheart breith do thabhairt orm: ní fhuil éagcóir ar bith déanta agam i n‐aghaidh na nIúdach, mar is eol duit féin go h‐an‐mhaith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a dúirt Pol, “Tíim i mo sheas­amh os coinne bhinse Chaesair, agus sin an áit is cóir cúirt a chur orm; tá a dhea-fhios agat féin nach bhfuil aon dochar ná dolaidh déanta agam ar na Giúdaigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt Pól: «Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair bhinse Chaesair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.