Acts 25:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír má rinne mé éugcóir ar both ná éainní do thuill bás, ní bhfuilim ag díultadh bás dfagháil: gidheadh muna ndearna mé áoinné do na neithibhsi éilighid síad oram, ní fhéudann áonduine mo thíodhlacadh dhóibh. Tíaghuim ar chomairce Shéasair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má tá cionnta déanta agam, agus má ta éinnidh thuilleas bás déanta agam, ní fhuilim ag diúltadh do’n bhás: acht muna bhfuil an fhírinne i n‐éinnidh de’n méid atá aca d’á chur im’ leith, ní fhuil ar chumas d’aon duine mo thabhairt suas dóibh. Téighim ar choimirce Chéasair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más coirpeach mé nó má tá aon ní déanta agam a thuilleas bás, níl mé ag iarraidh éalú ón mbás; ach mura bhfuil aon bhun lena gcuireann siad i mo leith, ní fhéadann duine ar bith mé a chur ina lámha. Cuirim mʼachomharc ar Chaesar.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar.”