Acts 25:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do labhuir Festus, ris an gcomhairle, agus do fhreaguirsé, A ndeachaidh tú ar comairce Shéasair? is dionnsuighe Shéasair rachus tú.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin d’fhreagair Féstus, tar éis toil na h‐árdchómhairle do ghlacadh, Do chuiris do choimirce ar Chéasar: chum Chéasair rachas tú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú dʼachomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, d' fhreagair Féastas agus dúirt: «Ó ghairm tú Céasar, is go Céasar a rachaidh tú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, dʼfhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Caesar, is go Caesar a rachaidh tú.”