Acts 25:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do bhí misi a Níarusalém, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsir na Niúdaigheadh chugam na thimcheall, agus do íarradar breith dhamanta na aghuidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus, nuair do bhíos‐sa i nIarúsalem, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí na nIúdach chugam le fios scéil ’n‐a thaobh, ag iarraidh orm a dhaoradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a bhí mé in Iarúsaléim, rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach scéal air, agus dʼiarr siad breithiúnas a thabhairt air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus d' iarr é a dhaoradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus dʼiarr é a dhaoradh.