Acts 25:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar cóir ar bith air do na neithibh do sháoil misi;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair d’éirigh na cionntuightheoirí ’n‐a seasamh, níor chuireadar rud ar bith ’n‐a leith de’n tsaghas a rabhas ag braith leis:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a d' éirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a mʼéirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam léi.