Acts 25:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhádar ceasda áirighe a dtimcheall a ngeasrigadh féin aca na aghuidh, agus a dtimcheall Iósa éigin, fuáir bás, noch a dubhairt Pól bheith béo.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht do bhí ceisteanna áirithe bhaineas le ’n‐a gcreideamh féin aca ’n‐a aghaidh, agus i dtaobh Íosa éigin, fuair bás, go ndubhairt Pól go raibh sé beo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól a bhí beo.