Acts 25:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhrígh go raibh misi amharusach a leithid sin do cheisd, a dubhairt mé, Nar bháill leis dull go Hiárusalem, agus breitheamhnus thabhairt air ann fá na neithibhsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus de bhrigh nár fhéadas‐sa meabhair do dhéanamh de na ceisteannaibh sin, d’fhiafruigheas arbh áil leis dul go h‐Iarúsalem, chum go dtiubharthaí breith ar na neithibh sin annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó chuaigh díom a thuiscint conas a dʼfhéadfaí ceisteanna mar sin a mhion-scrúdú, dʼfhiafraigh mé de an raibh sé toilteanach le dul suas go hIarúsailéim go gcuirtí cúirt air ansin ina dtaobh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair nach raibh aon bhreith agamsa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, d' fhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go Iarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair nach raibh aon bhreith agam-sa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, dʼfhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go hIarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu.