Acts 25:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a dubhairt Festus, A rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, agus ann so, chugamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chóir a bheith beó ni as faide.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Féstus, A rí Agrippa, agus a bhfuil de dhaoinibh láithreach annso, do‐chí sibh an fear so go dtáinig na h‐Iúdaigh uile chugam ’n‐a thaobh i nIarúsalem agus san áit seo, g‐á ghlaodhach os árd nár cheart a bheith beo níos faide.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Festus, “A Rí Agrippa agus a lucht éisteachta uile, feiceann sibh romhaibh an fear sin ar chuir an cine Giúdach uile achainí orm ina thaobh in Iarúsailéim agus anseo, agus iad ag scairteadh os ard nár chóir ligean dó bheith beo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin labhair Féastas agus dúirt: «A rí Aigripe agus sibhse go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é bheith beo a thuilleadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin labhair Féastas agus dúirt: “A rí Aigripe agus sibh-se go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é a bheith beo a thuilleadh.