Acts 25:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní feas damh éainní áirighe do sgriobhthuinn chum mo thighearna na thímcheall. Ar a nadhbharsin tug mé bhur láthuirsi é, agus go mótmhór dod láthuirsi, a rí Agrippa, ionnus, ar na cheasdughadh, go mbeith agam ní do sgríobhthuinn:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhuil aon nidh cruinn agam, ámh, le scríobhadh chum mo thighearna ’n‐a thaobh. Ar an adhbhar sin thugas annso chugaibh‐se é, agus chugat‐sa, go h‐áirithe, a rí Agrippa, le súil go mbéidh rud éigin agam le scríobhadh nuair cheisteochas tú é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach níl aon ní áirithe agam lena scríobh chuig mo thiarna ina thaobh. Dá bhrí sin thug mé os bhur gcoinne é, agus go háirithe os do choinne, a Rí Agrippa, ionas go gcuirimid scrúdú air, agus go mbeidh rud éigin agam lena chur i scríbhinn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é–agus chugatsa go háirithe, a rí Aigripe–i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.