Acts 25:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag íarruidh foghuir a naghuidh Phóil, as go gcuirfeadh sé fios air go Híarusalém, ar gcur luigheacháin ar a tslighe fá chomhair a mharbhtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag iarraidh fábhair ’n‐a aghaidh, go n‐órdóchadh sé a thabhairt go h‐Iarúsalem; ag faire faille le n‐a mharbhadh ar an slighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar impí agus mar achainí air é a chur uaidh go hIarúsailéim, agus iad ag déanamh luíocháin roimhe lena mharú ar an mbealach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus d' iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dʼiarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go hIarúsailéim, mar bhí luíochán dá dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.