Acts 25:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nfanmhuin dó na measg tuáirim dheich lá, do chuáidh sé síos go Sésárea; agus lá ar na mhárach do shuidh sé ann sa chathaoir bhreitheamhnuis agus do áithin se Pól do thabhuirt a láthuir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar a éis dó ocht nó deich lá d’fhanamhain ’n‐a measc, do chuaidh sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidh sé i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigh sé Pól do thabhairt isteach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair nach raibh ní ba mhó ná a hocht nó a deich de laethanta caite aige ina measc, chuaigh sé síos go Caesaríá; agus lá arna mhárach shuigh sé ar bhinse an bhreithiúnais agus dʼordaigh Pól a thabhairt i láthair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d' ordaigh Pól a thabhairt isteach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Caesairia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus dʼordaigh Pól a thabhairt isteach.