Acts 26:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do chuireas mórán naomh fá ghlas i bpríosúnaibh, tar éis ughdarás d’fhágháil ó na h‐árd‐shagartaibh, agus nuair bhídís d’á gcur chum báis, thugas guth ’n‐a n‐aghaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís dá gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.