Acts 26:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagogaibh, do choimhéignigh mé íad, chum blasphéime labhairt; agus ar ndul damh tar mhodh ré buile na naghaidh, do rinne mé gérleanmhuin orrthu a gcaithreachaibh coigcríche.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thugas pionós go minic dóibh ins na sionagógaibh go léir, agus do‐rinneas iarracht fá dhia‐mhasladh do bhaint asta; agus leis an dearg‐bhuile do bhí orm ’n‐a gcoinnibh, do‐rinneas géirleanamhain ortha go dtí na cathracha coigríocha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir mé pionós orthu sna sionagóga uile agus mé ag iarraidh é a thabhairt orthu diamhasla a dhéanamh; agus le méid an bhuile a bhí orm ina n‑éadan, bhínn á ngéarleanúint go fiú i gcathracha na coigríche.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg dá gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.