Acts 26:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dtuitim dhúinn uile ar talamh, do chúalaidh mé gúth ag labhairt riom, agus ag rádh sa dteangaidh Eabhra, A Sháuil, a Sháuil, créd fa bhfuil tú ag gérleanmhuin orum? is cruidh dhuit beith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh dhealg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thuiteamar uile ar an talamh, agus d’airigheas an guth g‐á rádh liom san teangain Eabhra, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ ghéirleanamhain? Is deacair dhuit bheith ag speachghail i n‐aghaidh an phriocaire. Agus adubhras‐sa, Cia thusa, a Thighearna?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhíomar uile tite go talamh, chuala mé an glór ag rá liom sa teanga Eabhrach, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéar-leanúint? Is crua duit na sála a bhualadh in aghaidh an bhroid.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: 'A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth dá rá liom san Eabhrais: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’