Acts 26:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt misi, Cía thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision, Is misi Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt an Tighearna, Is mise Íosa go bhfuil tú g‐á ghéirleanamhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhiafraigh mise, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Is mise an tÍosa sin a mbíonn tú á ghéarleanúint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: 'Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
‘Cé thú féin, a Thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat dá ghéarleanúint.