Acts 26:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
lena súile a oscailt, ionas go n‑iompaí siad ó dhorchadas chun an tsolais agus as cumhacht Shátain chuig Dia, agus go bhfaighidh siad maithiúnas na bpeacaí agus ionad i measc an dreama a naomhaítear trí chreideamh ionamsa.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas ina bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’