Acts 26:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do fhógair mé do luchd Dhamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feadh région thíre Iúdaighe go huilidhe, agus do na Cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh agus filleadh chum Dé, ag déunamh oibreacha iomchúbhaidh don aithrighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach ag foilsiú do lucht na Damaisce ar dtús, agus ansin in Iarúsailéim agus ar fud thír Iúdaea, agus do na Gintlithe freisin, go ndéanfadh siad aithreachas agus iompú chun Dé agus na dea-oibreacha is dual dá n‑aithreachas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d' fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dhúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, dʼfhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.