Acts 26:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht, ó fuaras an chabhair thagas ó Dhia, táim im’ sheasamh go dtí an lá so, ag tabhairt fiadhnaise do bheag agus do mhór, gan rud ar bith a rádh acht an méid adubhairt na fáidhe agus Maois do bheith le teacht;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise dʼuasal agus dʼíseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní dá rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: