Acts 26:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Pól, Do bfearr leam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía, ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomlán, cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Pól, Ba mhian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a bheag nó a mhór, ní h‐é tusa amháin, acht gach a bhfuil ag éisteacht liom indiu, bheith ar aon dul liom féin, taobh amuigh de na slabhraibh seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Pól, “Is cuma cé acu beag nó mór é, táim ag guí Dé go raibh sibh ní hamháin tú féin ach a bhfuil ag éisteacht liom inniu mar atá mé féin murab iad na geimhle seo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cibé beag mór,» arsa Pól, «go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáim-se–ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”