Acts 27:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ttabhairt breatha dhóibh go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráighde áirighe eile, do chaiptin bhanna Agustus, dár bhainm Iúlius.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin nuair do shocruigheadar go rachaimís fá sheol go dtí an Iodáil, thugadar Pól agus roinn príosúnach eile do cheanntúir darbh ainm Iúlius, de bhuidhin Augustuis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a socraíodh go rachaimis ar long go dtí an Iodáil, cuireadh Pól agus príosúnaigh áirithe eile ar chúram ceantúra den chohórt Augustach darbh ainm Iúlius.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céid darbh ainm Iúil, de dhíorma an impire.