Acts 27:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh ríu, A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dóchar agus ré dul amúgha mór, ní hé amháin na iadála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt sé leo, A fheara, do‐chítear dom gur mór an díoghbháil agus an dochar, ní h‐é amháin do’n lucht agus do’n luing, acht d’ár n‐anamannaibh féin atá i ndán dúinn ar an aistear so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
á rá: «Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dá rá: “Feictear dom-sa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní hamháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.”