Acts 27:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus de bhrigh nach raibh an cuan oireamhnach leis an ngeimhreadh do chaitheamh ann, ba í an chómhairle ar ar chinn a bhfurmhór, imtheacht as chum fairrge, le súil go bhféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, shíneas siar ó dheas agus siar ó thuaidh, do bhaint amach, agus an geimhreadh do chaitheamh ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mbʼfhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinics a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann–cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.