Acts 27:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair do bhí sé tógtha ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de théadaibh, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaithfidhe iad ar bheo‐ghainimh Shurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineadh sinn ar as gcuma sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus dʼísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d' imigh le sruth ar an gcuma sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa tSirtis, lig siad anuas na seolta agus dʼimigh le sruth ar an gcuma sin.