Acts 27:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul dúinn a luing do longaibh Adramitium, do chuireamar romhuinn, séoladh ré táobh chósdadh na Hásia; agus do thógbhamar ar séolta, agus do bhí Aristarcus Macedónach ó Thessalonica, ann ar gcuideachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuamar ansin ar bhord loinge Adramitigh a bhí le bailte cuain na hÁise a shiúl, agus chuamar chun farraige, agus bhí Aristarcas, Macadóineach as Tesaloníca linn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt ar feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchas, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.