Acts 27:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith don ghréin agus do na réultaibh gan soillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag orainn, rugadh uáinn gach uile dhóthchas cabhartha dá raibh aguinn ó sin amach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin ó bhíomar mórán laethe gan solas na gréine ná na réaltan d’fheicsin, agus stoirm an‐mhór ag bualadh orainn, ní raibh aon tsúil againn go dtiocfaimís slán as.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t-anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t-anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.