Acts 27:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an feadh do bhí an lá ag éirighe, tug Pól do chomhairle dhóibh uile bíadh do chaitheamh, ag rádh, A sé so an ceathramhadh lá déug dhíbh ag fuireadh bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bíth do chaitheamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus chómh fhad agus bhíodar ag fanamhain le breacadh an lae, d’iarr Pól ortha biadh do chaitheamh, g‐á rádh, Is é seo an ceathramhadh lá déag agaibh ag fanamhain agus sibh ’n‐bhúr dtroscadh, gan aon bhiadh do chaitheamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go díreach roimh bhreacadh an lae, dʼagair Pól orthu uile greim bia a ghlacadh, agus dúirt sé, “Is é seo an ceathrú lá dhéag daoibh nach bhfuil aon ghreim bia blaiste agaibh le tréan imní.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le breacadh an lae d' iarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. «Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,» ar seisean.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le breacadh an lae dʼiarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. “Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,” ar seisean.