Acts 27:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh: óir is ní bheanus ré bhur slainte é: óir ní rachaidh ruáinne cinn éunduine aguibh a múgha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é mo chómhairle dhaoibh, d’á bhrigh sin, biadh do chaitheamh: óir is é leas bhúr sláinte é: óir ní caillfear ribe gruaige de cheann duine ar bith agaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Táim ag moladh daoibh mar sin greim bia a chaitheamh anois; cuirfidh sé neart in bhur ngéaga, mar níl sé i ndán dʼaon duine agaibh aon ribe dá ghruaig a chailleadh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.”