Acts 27:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh a naráin dó, do thionnsgain sé a ithe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar n‐a rádh sin dó, do thóg sé arán, agus do ghabh sé buidheachas le Dia ’n‐a bhfiadhnaise go léir: agus do bhris sé é agus do thionnscain sé g‐á ithe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sin ráite aige, ghlac sé arán, agus thug sé buíochas do Dhia i láthair an iomláin acu agus bhris sé é agus thosaigh ar a ithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t-arán agus chrom ar é a ithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise cách, bhris an t-arán agus chrom ar é a ithe.