Acts 27:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe don ló, ní raibh fios na tíre sin aca: achd tugadar caladh áirighe dha naire ann a raibh tráigh, ann ar áontuigheadar, an lung do shathadh, dá madh éidir ríu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair bhí solas an lae ann, níor aithnigheadar an tír: acht thugadar fá deara cuan beag agus tráigh ann, agus do cheapadar, dá mb’ fhéidir é, an long do sháthadh isteach uirthi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a ghealaigh an lá, níor aithin siad an tír, ach thug siad faoi deara camas a raibh trá ann, agus chuir siad rompu rith cladaigh a thabhairt don long ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb' fhéidir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mbʼfhéidir.