Acts 27:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dtógbháil na nancaireadh dhóibh, do léigeadar an lung fán bhfairge, agus ar sgáoileadh cheangluightheadh na sdiúire dhóibh, mar an gcéudna, do thógbhadar an príomhsheól ris an ngáoith, agus do thríalladar chum na trágha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag scaoileadh na n‐ancaire dhóibh, d’fhágadar san bhfairrge iad, ar an am céadna do scuradar ceanglach na stiúireann; agus ag árdú an tseoil tosaigh leis an ngaoith, do‐rinneadar ar an tráigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin chaith siad amach na hancairí, á bhfágáil ina ndiaidh san fharraige, agus san am céanna scaoil siad na téada a bhí ag ceangal na rámhaí stiúrtha; chroch siad ansin an seol mór don ghaoth agus rinne siad ar an trá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus d' fhág iad san fharraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus dʼfhág iad sa bhfarraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá.