Acts 27:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do rinneadar na saighdiúiri do chomhairle na braighde do mharbhadh, deagla go mbéuradh a shnámh éunduine aca as:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ba é cómhairle na saighdiúir na príosúnaigh do mharbhadh, ar eagla go snámhfadh duine aca agus go n‐éalóchadh sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi sé faoi na saighdiúirí na príosúnaigh a mharú, ar eagla go n‑éalódh aon duine acu ar an snámh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis.