Acts 27:43 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar mbeith don chaiptín, fonnmhar ar Phól do shabháil, do thoirmisg sé iad ón gcomhairlesi; agus do aithin sé don luchd do fhéud snámh íad féin do théilgean amach ar tús, agus dul a dtir:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhí a fhonn ar an gceanntúir Pól do shábháil, agus ní leigfeadh sé dhóibh é, agus d’órduigh sé dhóibh‐sean go raibh snámh aca a gcaitheamh amach ar dtús agus an tír do bhaint amach:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach bhí toil ag an gceantúir anam Phóil a tharrtháil orthu, agus níor lig sé dóibh a mbeart a chur i gcrích. Dʼordaigh sé don mhéid acu a raibh snámh acu léim a thabhairt amach san fharraige agus an talamh a bhaint amach,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D' ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ní cheadódh an taoiseach céid dóibh an beart seo a chur i gcríoch mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. Dʼordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach sa bhfarraige ar dtús agus dul i dtír