Acts 28:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus thugadar onóir mhór dúinn; agus nuair do bhíomar ag dul ar luing, do chuireadar ar bórd gach ar theastuigh uainn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug siad mórán bronntanas dúinn (mar dʼonóraigh siad le mórán onóracha sinn) agus nuair a chuamar ar fharraige, chuir siad gach rud a mbeadh riachtanas againn leis ar bhord na loinge.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn.