Acts 28:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair fuaradar na bráithreacha tuairisc ’n‐ár dtaobh, thángadar as sin ag fáiltiú rómhainn chómh fada le Margadh Appiuis, agus Na Trí Tábhairní: agus nuair chonnaic Pól iad thug sé buidheachas do Dhia, agus do ghlac sé meisneach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n-airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n-araicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Thábhairne. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.